Teastaíonn cúnamh & inchur chinnirí tí chun dul i gcionn / tacú le scoláirí óga ar chúrsa Gaeilge. Daoine, atá iad fhéin go hiomlán compordach & muiníneach as an teanga agus a bhaineann spraoi & taitneamh as a bheith á húsáid. Is iad na tréithe atá á lorg againn inár gcinnirí ná go ,beadh siad gnaíúil (outgoing), cainteach (talkative), tíriúil (sociable) agus caidreamhach( good mixing with people).

Seo’d é an próiseas:

  1. Líon amach an fhoirm seo.
  2. Ceangal (attach) fótagraph díot fhéin agus word doc a léiríonn do chuid spéise sa nGaeilge.
  3. Socrófar am leat, via ríomhphost, chun “chat” a bheith agat le hionadaí ón gColáiste. B’fhearr linn landline baile a úsáid chun an glaoch seo a dhéanamh.
  4. Tar éis labhairt le hionadaí ón gColáiste agus a chinntiú go bhfuil tú ar do chompord & muiníneach as do chuid Gaeilge labhartha, seolfar chugat, via ríomphost, foirm do chinnirí 2K18.
  5. Seolfaidh tú an fhoirm líonta le hearlais €200 chuig an gColáiste.
  6. Beidh costas €100 chun freastal ar chúrsa traenála na gcinnirí a bheas a thionól Céad. 4ú/Aibreán go dtí an Sath. 7ú/Aibreán (I rith saoire na Cásca).
  7. €430 an fuíollach (balance) a bheas le híoc don cúrsa samhradh i gcompráid le €730 do scoláirí.
  8. Sa gcás go n-iarrfaí ort a bheith i do chinnire don darna cúrsa, ní bheadh aon táille i gceist don darna cúrsa.