Viewing Video Type » 2010

Abair Leat! Lurgan

Download This Video »

“Muide an todchaí, gach éinne againn, Gaeilge gan eagla, tá sí ar eolas a’d”

Amhrán nua inspioráideach taifeadta beo ag 540 scoláire ar chúsa C 2010. Leagan Gaeilge a cuireadh ar “Wavin’ Flag” le K’Naan atá ann. Go bhfios duinn, is é seo an taifead beo leis an líon is mó daoine a ndearnadh in Éirinn.

Stiúrtheoir: Morgan Cooke
Lircí: Cathal Ó Ruaidh agus Daithí Ó Ruaidh
Príomh-amhránaithe: Stiofán Ó Fearail agus Jenny Ní Ruisséil
Fuaim: Frank Mc Evilly
Camera: Conal Mac Eochagáin agus Jimmí
Eagarthóir: Éamonn (Muzzy) Mac Mánais

Tá an-chreidiúint ag dul do na hamhránaithe / ceoltóirí / damhseoirí uilig as an éacht seo a chur i gcrích.

“Abair Leat”:
Toram beatha, toram saoirse, dean an iarracht, gabh níos airde
Déan do rogha, ‘séard atá uait, cuir do cheann suas, bíodh an bród a’t
Óna tithe chuid na sráide, tá muid dírithe, níl muid caillte.
Ag céiliúradh lenár dteanga, muid le chéile, tá muid sásta

Ag canadh go léir mar chór, ag canadh go léir os ard
‘Sí do thír is do theanga féin, ‘sé do rogha ag deireadh an lae.
Is deir muid

Muide an todhchaí, gach éinne agaibh
Gaeilge gan eagla, tá sí ar eolas a’t
Muide an todhchaí, gach éinne agaibh
Gaeilge gan eagla, tá sí ar eolas a’t
So Abair Leat, Abair Leat, Abair Leat, Abair Leat,
Abair Leat, Abair Leat, Abair Leat, Abair Leat.