Ta súil agam go mba spreagadh duit na trí seachtaine a chaith tú I gColáiste Lurgan agus go mbainfidh tú taitneamh agus fiúntas as foghlaim na Gaeilge sna blianta ata romhat ar scoil.
Is iontach go raibh spéis agat barr feabhais a chur ar do chumas sa teanga.
Dar ndóigh, is é an bealach is fearr le líofacht a bhaint amach sa nGaeilge ná í a labhairt chomh minic agus is féidir.
Tá sé fíor-thábhachtach don duine óg aithne agus eolas a chur ar a (h)oidhreacht féin agus a bheith in ann tarraingt as an stór teanga, an stór smaointe agus as an éagsúlacht chultúrtha atá againn sa tír seo.
I ndeireadh na dála, braitheann todhchaí na Gaeilge cuid mhaith ar dhaoine óga, ar a gcumas í a labhairt agus a dtuiscint ar a tabhacht I dtodhchaí na hÉireann.
Tá cuid mhór daoine óga ann ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a úsáid i suíomhanna neamhfhoirmiúla agus a d’fháilteodh roimh deis a fháil Gaeilge a labhairt le daoine eile a bheadh an fonn céanna orthu.
Ta sé easca go leor nós cómhrá Gaeilge a chothú idir daoine a mba mhian leo a bheith pairteach ina leithéid.
Más spéis leatsa do chuid Gaeilge a úsáid níos minicí, bain triail as í a labhairt le chomhscolairí / do mhuintir nó le cairde a bheadh ar aon intinn leat.
Is cinnte go mbainfeá féin agus do chairde an-sult as.
Is é mana Choláiste Lurgan ná “Beatha teanga í a labhairt” nó i mbéarlagar an lae inniu “Use it or lose it”.







