Home » Abairleat na hIdirbhliana

Abairleat na hIdirbhliana

Abairleat na hidirbhliana

Más mian leat rang/ranganna idirbhliana do scoilse a chlárú le Abair Leat! líon amach an fhoirm atá leis seo.

Teastóidh leathlá traenála chun:
• Sonraí an bhainisteora / an mhúinteora a chlárú
• Scoláirí a chlárú
• An córas a mhíniú agus a thaispeáint do mhúinteoirí agus do scoláirí.
Cuirfear an traenáil seo ar fáil saor in aisce, sa scoil.

Ní thógfaidh sé i bhfad ar mhúinteoirí / scoláirí dul i gcleachtadh an ríomhchláir.

Buntáistí d’fhoghlaimeoirí:
• Beidh siad in ann éisteacht le gnáthchaint cainteoirí dúchasacha ar a gcuid ríomhairí féin agus cleachtadh agus taifeadadh a dhéanamh orthu sa mbaile,.
• Beidh siad in ann, portfolio dá gcuid obair thaifeadta a shábháil
• Beidh ar a gcumas tascanna a dhéanamh agus cluichí féincheartaithe a imirt a
thacaíonn leis na spriocanna foghlama
• Beidh siad in ann próifíl dá ndul chun cinn a choinneáil
• Beidh sé éasca dóibh cláracha oibre a leanacht.

Ról an mhúínteora:
• Ábhar nua a chur i láthair sa seomra ranga. Tá an t-ábhar seo réitithe cheana féin.
• Beidh rogha ag múinteoirí cláracha oibre réamhullmhaithe a úsáid nó a gclár oibre féin a chur le chéile, nó meascán den dá rud a úsáid.
• Ceartaíonn múinteoirí obair thaifeadta na scoláirí. Ceadaíonn bainistiú ranga Abair Leat! dóibh é seo a dhéanamh, go sciobtha agus go héasca.
• Déantar an bhainisteoireacht uilig ag úsáid an ríomhchláir, ní bhíonn aon pháipéarachas i gceist ná scríobh le déanamh.

Cláracha oibre réamhullmhaithe:

Faoi láthair tá breis agus 300 tasc is féidir a shocrú mar chuid d’obair bhaile na scoláirí (is ag méadú a bheas an líon seo le himeacht ama). I leagan 2010 d’Abair Leat, fágadh faoin múinteoir /mbainisteoir ranga na cláracha oibre a chur le chéile, trí úsaid a bhaint as an gcruthaitheoir obair bhaile.
Toisc go dtógann sé tamall dul i gcleachtadh an chinéal ábhair atá sa gcóras, tá muid ag réiteach roinnt cláracha oibre le tascanna socraithe leo, i mbliana.
Beidh 8 gcinn de na cláracha oibre seo ar fáil san athbhliain, ceann in aghaidh na seachtaine.

Tá mé lán-dóchasach nach mbeidh stró dá laghad ar mhúinteoirí ná ar scoláirí an ríomhchlár a úsáid.